← Is é an chéad lá d'Fheabhra Lá Fhéile Bríde, nó Muire na nGael mar a thugtar uirthi. 🔊
← Is amhlaidh a dhíol an t-athair an mháthair nuair a fuair sé amach go raibh sí ag iompar clainne. 🔊
← Mar sin is mar sclábhaí a rugadh Naomh Bríd. 🔊
← Is iomaí uair a thug sí leigheas do dhaoine a bhí dall nó a raibh máchail choirp orthu. 🔊
← Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊
← Tá an nós seo cosúil le Lá an Dreoilín ach is cailíní amháin a théann amach. 🔊
← Bean a bhí an-tábhachtach i saol na hÉireann ba ea Bríd is cuma Bríd na Págánachta nó Bríd na Críostaíochta atá i gceist. 🔊